Tuarascáil Speisialta 87 – Éifeachtacht Coistí Iniúchóireachta i gComhlachtaí Stáit
Foilsithe 21 Deireadh Fómhair 2014
Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar éifeachtacht coistí iniúchóireachta i gcomhlachtaí Stáit. Déanann an tuairisc scrúdú ar oibriú na gcoistí iniúchóireachta i sampla de chomhlachtaí neamhthráchtála Stáit agus déanann measúnú ar a leibhéal comhlíontachta le treoirlínte a d’eisigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Déantar comparáid sa tuairisc, chomh maith, ar na riachtanais reatha le haghaidh comhlachtaí Stáit in Éirinn prionsabail dea-chleachtais a bheith acu, agus déanann plé ar an méid atá dea-chleachtas á chur i bhfeidhm sna comhlachtaí Stáit roghnaithe.